Mapping the Heritage of Gleann Cholm Cille Parish

View the map

Tá saibhreas ar leith logainmneacha i bparóiste Ghleann Cholm Cille. Le cois na mbailte fearainn agus na suíomhanna aitheanta eile sa cheantar, meastar go raibh ainm ar chorradh is 3,000 páirc, creag, carraig, sruthán, log, agus iliomad gnéithe eile den tírdhreach. Sna logainmneacha seo tá insint ar stair agus ar bhéaloideas an cheantair, ar an dúlra agus ar sheanchas na farraige, ar shaol an phobail agus ar chreideamh na ndaoine.

Is í aidhm an togra Logainmneacha Pharóiste Ghleann Cholm Cille an oidhreacht luachmhar sin a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá meitheal phobail i mbun oibre chun na logainmneacha, agus an seanchas a bhaineann leofa, a bhreacadh ar léarscáil dhigiteach a bheidh ar fáil do chách. Beidh muid ag tógáil ar shaothar taighdeoirí eile romhainn agus ag bailiú tuilleadh eolais ó bhunadh an pharóiste.

Ó cuireadh tús leis an togra sa bhliain 2021, bliain chomórtha Colmcille 1500, d’éirigh leis an mheitheal breis agus 1,700 logainm a chur leis an léarscáil. Tá muid fíorbhuíoch dár gcuid páirtnéirí uilig a chuir ar ár gcumas an obair seo a dhéanamh. Tá an togra ar siúl go leanúnach agus thig le duine ar bith páirt a ghlacadh san obair. Tá an t-ábhar ar an léarscáil fá eagarthóireacht i gcónaí agus fáiltíonn muid roimh cheartúcháin nó eolas breise ón phobal.

Stories behind the names

A series of articles that highlight connections between places or ask what the names tell us about our local heritage.