Nuacht

Dul chun cinn: Meán Fómhair 2022

16 Meán Fómhair 2022

Léarscáil logainmneacha Ghleann Cholm Cille Meán Fómhair 2021 (ar chlé) agus Meán Fómhair 2022 (ar dheis).

Tá muid i ndiaidh neart forbairtí úra a chur leis an léarscáil logainmneacha! Bhí muid iontach gnóthach leis an obair seo le cúpla mí anuas ach is fiú go mór na torthaí:

  • Cuireadh 700 suíomh breise leis an léarscáil—sin breis agus 1,300 suíomh nó 1,700 logainm san iomlán. Dhírigh muid isteach ar logainmneacha ar an chósta i mbliana ach rinne muid dul chun cinn sna ceantracha thart ar Gharbhros, Port, Reachlainn Uí Bhirn agus Mín na Croise fosta. Ar ndóigh, sonraí sealadacha iad seo go fóill agus ba mhór againn aiseolas ar bith a fháil a chuideodh linn suíomh na logainmneacha nó a mbrí a chinntiú.
  • Cuireadh áis chuardaigh leis an léarscáil agus thig logainmneacha faoi leith a chuartú anois.
  • Cuireadh neart grianghrafanna, físeán agus comhad fuaime breis le cuid de na hiontrálacha ar an léarscáil.
  • Don chéad uair, chruthaigh muid trí Scéalchlár (Story Maps) bunaithe ar ábhar na léarscáile. Altanna idirghníomhacha iad seo a dhíríonn ar scéal faoi leith i measc na sonraí uilig a bailíodh. Tabhair cuairt orthu anseo.

Cuidiú mór dúinn, ar ndóigh, na 35 rannpháirtí a roinn a gcuid eolais linn go díreach, chomh maith leis na foinsí scríofa agus digiteacha difriúla ar bhain muid feidhm astu. Chuir beirt bhall nua go mór le hobair na meithle, is iad sin Niamh Ní Dhochartaigh agus Pádraig Mac Giolla Cearra. Thug muid cuairt ar Choláiste na Carraige i mí na Bealtaine agus bhain muid sult mór as labhairt leis na daltaí fá na logainmneacha ina gceantar féin. Tá súil againn breis oibre a dhéanamh le scoileanna áitiúla sna míonna romhainn.

Ní thiocfadh linn an obair seo a chur i gcrích ach gurb é go bhfuair muid maoiniú ón Chomhairle Oidhreachta, fríd an Scéim Oidhreachta Pobail dá cuid, le cois ár bpáirtnéirí eile, Oideas Gael, Béal an Phobail agus Údarás na Gaeltachta.


Logealaín: ealaíontóir ag obair i bpáirt lenár n-oidhreacht logainmneacha

27 Lúnasa 2022

Cúis lúcháire dúinn deontas a ghnóthú faoi Scéim Cultúir & Cruthaitheacha Dhún na nGall 2022. Scéim de chuid Creative Ireland é seo agus é á riar ag Comhairle Chontae Dhún na nGall le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán. Fuair muid an deis seo chun léarscáil chlóite shamhlaíoch d’iardheisceart Thír Chonaill a chur ar fáil, bunaithe ar na sonraí digiteacha a bailíodh mar chuid den togra logainmneacha. Dáilfear cóipeanna den léarscáil saor in aisce ar scoileanna, ar ghnóthaí agus ar ghrúpaí deonacha sa dúiche.

Tá muid ag obair i bpáirt leis an ealaíontóir Tom Cosgrove (Beoigh), a bhfuil iomrá air de bharr na léarscáileanna a tharraing sé de chontaetha éagsúla sa tír, chun an táirge a chur ar fáil. Coinnigh súil air seo!

An t-ealaíontóir Tom Cosgrove agus dréacht den léarscáil ina láimh aige.


Ceardlann ar an léarscáilíocht dhigiteach do ghrúpaí oidhreachta i dTír Chonaill

30 Meitheamh 2022

Bhí ionadaithe as sé cinn de ghrúpaí oidhreachta agus pobail ar fud Chontae Dhún na nGall i láthair ag an chéad ceardlann logainmneacha phoiblí dár gcuid a bhí ar siúl i Scoil Chuimsitheach Cholmcille sna Gleanntaí ar na mallaibh. Dhírigh an cheardlann seo ar an léarscáilíocht dhigiteach agus roinn an Dr Susan Hegarty, Scoil na Staire & na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, teicnící agus acmhainní iontacha linn i dtaca leis an ardán ar líne ArcGIS. Labhair Dermot Diamond agus Rónán Ó Dochartaigh ar thogra bailithe logainmneacha Pharóiste Ghleann Cholm Cille, agus thug Duncan McLaren agus Tomás Mac Conmara cuntas ar thogra darb ainm an Downstrands Heritage Audit.

Bhainn na rannpháirtithe le grúpaí éagsúla amhail le Coiste Oidhreachta Chill Chartha, Loughros Heritage Group, Coiste Oidhreachta Ghleann Fhinne agus Coiste Logainmneacha Rann na Feirste. Tá muid fíorbhuíoch den ghrúpa oidhreachta Donegal GAP History & Heritage, chomh maith le Scoil Chuimsitheach Cholmcille, a bhí mar óstaí ar an cheardlann.

Fuair an t-imeacht seo maoiniú ón Chomhairle Oidhreachta, fríd an Scéim Oidhreachta Pobail dá cuid.

An Dr Susan Hegarty, Scoil na Staire & na Tíreolaíochta, DCU i mbun an t-ardán léarscáilíochta ArcGIS a thaispeáint.

Duncan McLaren, Dedalus Architecture, ag plé an Downstrands Heritage Audit.


Ceardlann logainmneacha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

14 Bealtaine 2022

Thug baill de chuid na meithle, Aisling Ní Churraighín agus Rónán Ó Dochartaigh, caint an duine ag ceardlann dar teideal Logainmneacha i gcríocha dátheangacha a reáchtáil Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU le gairid. Sheol an tAire Stáit Jack Chambers TD leagan úrnua de Bhunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie, le linn na ceardlainne. Bhain muid sult ar dóigh as castáil le grúpaí eile ar fud na tíre a bhíonn ag plé le mionlogainneacha a bhailiú!


Gradam de chuid Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta

26 Deireadh Fómhair 2021

Tá áthas orainn a fhógairt gur bronnadh Gradam Chontae Dhún na nGall de chuid Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2021 ar thogra dár gcuid. Nuair nárbh fhéidir imeachtaí a reáchtáil mar gheall ar phaindéim COVID-19, is éard a bhí in iontráil s’againn ná cur i láthair ilmheán ar oidhreacht logainmneacha iardheisceart Dhún na nGall agus ár gcuid iarrachtaí an oidhreacht sin a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Rónán Ó Dochartaigh, Dermot Diamond & Rónán Ó Gealbháin i ndiaidh dóibh an dea-scéal a fháil.

Nóta: Cé gur baineadh iontrálacha na bliana 2021 ó shuíomh Seachtain na hOidhreachta le gairid, thig amharc ar na físeáin ón togra a rinne muid ag na nascanna thíos.