Páirtnéirí

Meitheal phobail, fá choimirice Oideas Gael, atá i mbun na hoibre seo. Tá muid fíorbhuíoch dár bpáirtnéirí uilig atá i ndiaidh maoiniú, comhairle, nó tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil dúinn.

Fuair an togra seo maoiniú ón Chomhairle Oidhreachta fríd an Scéim Oidhreachta Pobail (2021 & 2022). Sa bhliain 2021, fuair an togra tacaíocht fríd Scéim Deontais Colmcille1500 arna mhaoiniú ag Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt agus Éire Ildánach, i gcomhar le agus le tacaíocht ó Oifig an Fheidhmeannais agus Rialtas na hÉireann.

Tá tionscadal faoi leith ar siúl againn i mbliana, i bpáirt leis an ealaíontóir Tom Cosgrove (Beoigh), chun léarscáil chlóite shamhlaíoch a chur ar fáil bunaithe ar an togra logainmneacha. Tá an obair seo á maoiniú ag Scéim Deontais Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2022, fríd chlár Éire Ildánach, a bhuí le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Dáilfear cóipeanna den léarscáil ar scoileanna agus ar ghnónna áitiúla.

Tá muid iontach buíoch de Scoil na Staire & na Tíreolaíochta, Ollscoil Chathair Bhaile tha Cliath, áit a bhfuil léarscáil ar líne an togra á hóstáil. Cuireann an Dr Susan Hegarty agus an Dr Jonathan Cherry sainchomhairle ar fáil don togra i dtaca le ceisteanna léarscáilíochta. Ár mbuíochas fosta leis an Dr Margaret McCaul, ón Ionad Taighde Anailísíochta Sonraí Insight SFI, a rinne staidéar fótagraiméadrach ar roinnt suíomhanna tábhachtacha i nGleann Cholm Cille—tá torthaí na hoibre seo mar chuid den léarscáil logainmneacha anois.

Is mór againn ár gcomhoibriú leanúnach le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus a cuid oifigeach. Tá muid buíoch den tacaíocht a fuair muid ó Oifigeach Oidhreachta an Chontae, Joseph Gallagher, agus ó Daragh McDonough (County Donegal Map Portal) a roinn sonraí linn ón togra Donegal Place Names.

Oideas Gael tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge, an chultúir agus na hoidhreachta. Cuireann Oideas Gael comhairle, acmhainní riaracháin agus áiseanna teicniúla ar fáil don togra. Is é Béal an Phobail tionscnamh pleanála teanga iardheisceart Dhún na nGall. Cuireann an Dr Aisling Ní Churraighín, Oifigeach Pleanála Teanga an cheantair, comhairle ar an togra i dtaca le ceisteanna teanga agus ar mhaithe le heolas fán togra a scaipeadh i measc an phobail.