Glac páirt

Tá an togra seo foscailte do bhaill ar bith den phobal ar mhaith leo a bheith páirteach ann ach teagmháil a dhéanamh linn ag na sonraí thíos:

Cuirfear fáilte romhat is cuma más mian leat páirt a ghlacadh san obair bhailithe nó do chuid eolais a roinnt linn. Cé go bhfuair muid eolas ó neart daoine sa pharóiste go dtí seo, tuigeann muid go bhfuil neart daoine nár éirigh linn labhairt leofa go fóill. Thig linn pacáiste a chur ar fáil d’aon duine ar mhaith leo logainmneacha a bhailiú iad féin.

Bíonn cruinnithe poiblí á reáchtáil againn ó am go chéile i bpáirt le grúpaí pobail áitiúla (mar shampla an t-imeacht seo fá choinne Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta).